Cad as dó?

about 3 years in The Irish Times

Tá amhrán ag Bob Dylan ‘Blind Willie McTell’ arb é an t-amhrán is fearr dá chuid é thar amhras anonn. Nach maith an ponc tosaigh argóna an méid sin maidin Luain? Níl an ceart aige maidir le ‘nobody can sing the blues like Blind Willie McTell’ a ritheann mar liodán tríd. Ba mhó sin duine ab fhearr, dar liom, agus tá an ceart agam. Cad déarfá le Howlin’ Wolf, le hEtta James, le Blind Willie Johnson agus a ghuth mar a bheadh greanpháipéar á scrabhadh go binn trí shíoda is shróill?
Peannphictiúr d’iarsma na sclábhaíochta i ndeisceart na Stát Aontaithe atá ann agus a macallaí tríd. Tá leathrann ann: ‘See them big plantations burning/ Hear the cracking of the whips/Smell that sweet magnolia blooming/ Hear the ghosts of slavery ships’. Is ea, tá’s againn go maireann an stair san aimsir láithreach, ach is í tuairim choiteann anois go bhfuil deireadh le sclábhaíocht toisc nach bhfuil na longa móra sin ag treabhadh na farraige siar lena lastas d’fheoil dhaonna faoi shlabhraí agus bholtaí ceangailte crua. Ní fheicimid níos mó margadh na ndaoine, ná mná ag cromadh ag piocadh cadáis faoi lascadh na fuipe.
Go deimhin tá dícheall éigin á dhéanamh admháil aitheantais a thabhairt don airgead a charn cuid de chathracha na hEorpa de thoisc na trádála barbartha, agus tá díospóireachtaí poiblí á ndúiseacht maidir le dealbha áirithe a leagadh nó a chur i leataoibh.
Is iontach é seo go léir, fad a ritheann. Ach ar nós na mbotún iomadúla a dheineamar fadó agus nach foláir leithscéal a ghabháil ina dtaobh anois, nárbh fhearr deimhin a dhéanamh anois nach gá dúinn leithscéalta eile a chanadh i gceann roinnt ghlúnta amach anseo?
Is ea, an rud a raibh mé amach air, an sclábhaíocht féin.
Beifear ag áiteamh, ó beifear ag áiteamh go tréan, nach ionann an sclábhaíocht a bhí anallód ann agus sclábhaíocht an lae inniu.
Níorbh ionann dálaí sclábhaithe in impireacht na Róimhe agus i stáit bheaga dhaonlathacha na Gréige. Nílimid ag iarraidh dul an bóthar sin síos mar tá teora le líon na bhfocal, ach is mó is dealraithí í le sclábhaíocht an lae inniu ná ar tharla do mhuintir na hAfraice.
Go deimhin, tá staraithe áirithe, is ea, na reibhiseanaigh arís ag cromadh ar chruthú nár sclábhaithe sa chruinneas iad na mílte de thráilleanna Gael a díbríodh thar aigéan siar go dtí an Mhuir Chairib in aimsir Chromail, mar is deise leo ‘searbhóntaí faoi dhintiúr’. Is fíor nárbh ionann cás dóibh agus na sclábhaithe gorma a tháinig ina ndiaidh, ach n’fheadar cad eile a bhaistfeá ar dhuine a gabhadh ag siúl na sráide, a ceanglaíodh go daingean, a sacadh i dtóin loinge agus a cuireadh ag obair gan phá do dhuine eile in aghaidh a thola?
Is cosúil an sainmhíniú sin leis an tuiscint atá ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair inniu, arb é is sclábhaí ann duine atá ag obair in aghaidh a thola, faoi bhagairt nó faoi imeaglú, nó de dheasca comhéigin. Dar leo tá breis agus 40 milliún duine ar domhan ar tráilleanna anois iad, trí oiread ná mar a bhí agus an trádáil sclábhaíochta Atlantaigh in airde láin.
Is liosta gan áireamh na hearraí a chuirtear ar fáil dúinne sa domhan bog de thoradh na daoirse seo - brící, piobair, éadaí, cnónna, bréagáin, clocha lómhara, an cócó sin sa bharra seacláide, gan trácht ar an dúshaothrú tís agus tógála atá ar éigean faoin screamh.
Cad as don bhfón póca sin agat? An mbeadh chomh saor sin murach páistí ag tóch ar son cóbailt sa Chongó ar aer an lae mar phá?
Nárbh fhearr scor anois seachas náire a bheith ar a dtiocfaidh inár ndiaidh agus leithscéalta á ngabháil acu?

Share it on